SUMMER IRISH CLASSES commencing on the 5th of July in Cois na hAbhna
Spraoi le Gaeilge will commence a 5-week Irish Language Summer course for adults on Wednesday the 5th of July in Cois na hAbhna.
Lessons will run from 11.30am – 12.30pm each Wednesday. To book your place now or for further information please contact: spraoilegaeilge@gmail.com or call 085-1295594
Beidh Fáilte Romhat!
Oíche tSin Seáin agus na Tinte Chnámha
Is amárach Oíche tSin Seáin, nó Oíche Fhéile Eoin. Tar éis Oíche Nollag agus Oíche Shamhna, is í seo an oíche is mó a ndéantar ceiliúradh uirthi ag baile in Inis Oírr agus go deimhin ar thrí Oileáin Árann. Bailítear rud ar bith gur féidir a dhó agus déantar carnán mór dhe.
Is iad na leaids óga sna déaga is mó a bhailíonns an t-ábhar le cuir sa tine chnámh, agus is maith a cuimhin liom fhéin dhuil thart leis an asal agus an carr a líonadh le adhmad agus boscaí cardboard. Chaithfeá ar a laghad tyre amháin a chaith sa tine, rud nár mhaith liom a dhéanamh anois, ach ní raibh muid a’ smaoineamh ar athrú aeráide ná tada mar sin an t-am sin faraor.
Ach m’anam go mbíodh spraoi againn nuair a lastaí an tine ag thart ar a haon déag a chlog san oíche! Thagadh muintir an bhaile a’ breathnú uirthi agus bhíodh neart cainte agus seanchas acu. Mholfainn dhaoibh fhéin geábh a thabhairt ar Inis Oírr agus an tine chnámh a fheiceáil san oíche amárach ann.
Glossary / Gluais
Oíche tSin Seáin – St. John’s Eve
Tinte Chnámha – bonfires
an oíche is mó a ndéantar ceiliúradh uirthi – the most celebrated night
agus go deimhin – and indeed
carnán mór – a big pile/mound/heap
an t-ábhar le cuir sa tine chnámh – the material to put in the bonfire
is maith a cuimhin liom fhéin – I remember well
an carr – {donkey} cart
boscaí cardboard – cardboard boxes
athrú aeráide – climate change
Agus m’anam – and I’m telling you (indeed)
Mholfainn – I’d recommend
geábh – a trip (short voyage)
Lean ar na meáin-shóisialta muid / Follow us on social media, @ClárAsGaeilge, Twitter, Facebook agus Instagram.
IMEACHTAÍ / EVENTS:
- INIS – CAINT AGUS COMHRÁ, chuile Dé Luain ag 11am sa gCopper Jug, Dé Céadaoin ag 11am in Insomnia (Tesco), oíche Déardaoin sa Temple Gate (8pm), agus Dé Sathairn i nGlór, 11am-12pm
- RAIDIÓ CLARE FM – ”Cúl-chaint” le Domhnall Ó Loingsigh chuile mhaidin Dé Sathairn, 9am. Seol nuacht chuig: Donal@clare.fm
- INIS – Rith le Ruairí, chuile Dé Máirt ag 7.30pm, ag Local Motion, Sráid Uí Chonaill
- CILL INÍNE BAOITH – Ciorcal Comhrá san XPO, chuile Dé Céadaoin ag 7.30pm