Independent Irish language consultant, facilitator, and promoter MacDara Ó Conaola brings you a cúpla focail each week and gives the low-down on entertainment as Gaeilge.
Téigh thar toinn go hInis Oírr an deireadh seachtaine seo, áit a bheas an seó iontach de shean-amhráin an Chláir á chanadh ag togha na n-amhránaithe agus na gceoltóirí.
Is san oíche Dé Sathairn beag seo a bheas scoth na h-amhráin a bhailigh an siamsóir ildánach, Diarmuid de Faoite don togra iontach seo, Dúchas agus Dóchas.
I measc na n-amhránaithe a bheas le cloisteáil beidh Diarmuid, an t-eagraí é fhéin, Therese McInerney, Emer O’Flaherty, Gráinne Cotter, Edel Vaughan, Philip Fogarty, agus aoi speisialta as Inis Oírr, ag 8.30pm, Dé Sathairn, an 22ú de Mheitheamh, in Áras Éanna, Inis Oírr. Costas: €15/€20
AN BHFUIL SCÉAL LE ROINNT AGAIBH?
Bígí i dteagmháil linn agus leanaigí ar Facebook agus Twitter muid ag: @macallaanchlair
R-phost: macallaanchlair@gmail.com
Imeachtaí/Events:
- LUIMNEACH – Grianstad an tSamhraidh le Conradh na Gaeilge, Clog Tait, Sráid Pery, Luimneach, 7-9pm, Dé hAoine, 21ú Meitheamh – IN AISCE!!!
- Clare FM – Cúl-chaint le Domhnall Ó Loingsigh chuile Dé Sathairn, ag 9am ar Clare FM
- CILL INÍNE BAOITHE – Ciorcal Comhrá san XPO, chuile Dé Céadaoin ag 7.30pm
- INIS – CAINT AGUS COMHRÁ, chuile Dé Luain ag 11am sa gCopper Jug, Dé Céadaoin ag 11am in O’Brien’s, oíche Déardaoin sa Temple Gate (8pm), agus Dé Sathairn i nGlór, 11am-12pm. Déan teagmháil leo ag: caintaguscomhra@outlook.com
- AN SCAIRBH – ‘’Lón i nGaeilge’’, 1-2pm, CHUILE DÉ MAIRT i gcaifé ‘’An Gáirdín’’, fáilte roimh chuile dhuine.