MacDara Ó Conaola of An Clár as Gaeilge brings you this week’s Macalla an Chláir column. Pictured: Fear Chondae an Chláir, Caomhán Ó Síoda, ag scóráil i gcoinne Shasana i 1990
Cuireann an t-am seo den bhliain Italia ’90 i gcuimhne dhom i gcónaí mar gurb é sin an chéad uair a thosaigh mé ag breathnú ar sacar ar an teilí, cé go mbínn á imirt ó mhaidin go faoithin chuile lá le mo chuid cairde agus mé i mo bhuachaill óg in Inis Oírr fadó.
Agus san oíche amárach, Dé hAoine an 16ú lá de Mheitheamh, beidh foireann na hÉireann ar ais sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an nGréig sa gcluiche cáilithe do Euro 2024. Beidh cleachtadh mhaith acu ar an teas ar aon chaoi tar éis an aimsir the a bhí againn le mí anuas. Go n-éirí libh a bhuachaillí!
Glossary / Gluais
Cuireann (…) i gcuimhne dhom – (…) reminds me of
cé go mbínn – even though I used to …
ó mhaidin go faoithin – from morning til night
ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar – to get the better of …
cluiche cáilithe – qualifying
cleachtadh mhaith – well used to …
le mí anuas – the past month
Go n-éirí libh a bhuachaillí! – Good luck lads!
Lean ar na meáin-shóisialta muid / Follow us on social media, @ClárAsGaeilge, Twitter, Facebook agus Instagram.
R-phost / email: lionranahinse@gmail.com
IMEACHTAÍ / EVENTS:
- INIS – CAINT AGUS COMHRÁ, chuile Dé Luain ag 11am sa gCopper Jug, Dé Céadaoin ag 11am in Insomnia (Tesco), oíche Déardaoin sa Temple Gate (8pm), agus Dé Sathairn i nGlór, 11am-12pm
- INIS – Scéalaíocht do pháistí / Story time i nGaeilge le MacDara, Dé Máirt 20ú Meitheamh / June, Leabharlann De Valera, 3pm, in aisce
- RAIDIÓ CLARE FM – ”Cúl-chaint” le Domhnall Ó Loingsigh chuile mhaidin Dé Sathairn, 9am. Seol nuacht chuig: Donal@clare.fm
- INIS – Rith le Ruairí, chuile Dé Máirt ag 7.30pm, ag Local Motion, Sráid Uí Chonaill
- CILL INÍNE BAOITH – Ciorcal Comhrá san XPO, chuile Dé Céadaoin ag 7.30pm