MacDara Ó Conaola of An Clár as Gaeilge brings you this week’s Macalla an Chláir column
Ba mhór an spóirt é baill den ghrúpa Binneas a chloisteáil ag casadh beo ag ócáid speisialta i nGlór Dé Sathairn seo caite.
Mar gheall ar an éacht a dhéan an grúpa agus Gradam Siansa Gael Linn 2023 a bhuachtáil le deireanas, bhronn Líonra na hInse / An Clár as Gaeilge pleaiceanna aitheantais orthu. Go bhfága Dia an tsláinte agus an ceol acu!
GRADAM GAEILGE AN CHLÁIR
I nGlór Dé Sathairn seo caite, bhronn An Clár as Gaeilge Gradam Gaeilge An Chláir ar bhuaiteoir 2022, Reg Ua Ruairc, dhá sheirbhís le blianta fada anuas don Teanga i mBaile na hInse agus é ag eagrú an ciorcail comhrá rialta ”Caint agus Comhrá” (breathnaigh thíos in ”Imeachtaí”). Comhchairdeachas ó chroí le Reg!
Lean ar na meáin-shóisialta muid / Follow us on social media, @ClárAsGaeilge, Twitter, Facebook agus Instagram.
R-phost / email: lionranahinse@gmail.com
IMEACHTAÍ / EVENTS:
- INIS – Rang Amhránaíochta ar an sean-nós le Domhnall Ó Braonáin, gach Déardaoin, 7pm, Cois na hAbhna
- SRÁID NA CATHRACH – Scéalta agus Rannta le Chéile le Ceri, chuile Dé Céadaoin sa Leabharlann ó 10.30 – 11am, Saor in aisce / Free of charge
- INIS – Scéalaíocht do pháistí / Story time i nGaeilge le MacDara, Dé Luain 8ú Bealtaine / May, Leabharlann De Valera, 3pm, Saor in aisce
- RAIDIÓ CLARE FM – ”Cúl-chaint” le Domhnall Ó Loingsigh chuile mhaidin Dé Sathairn, 9am. Seol nuacht chuig: Donal@clare.fm
- INIS – Rith le Ruairí, chuile Dé Máirt ag 7.30pm, ag Local Motion, Sráid Uí Chonaill
- CILL INÍNE BAOITH – Ciorcal Comhrá san XPO, chuile Dé Céadaoin ag 7.30pm
- INIS – Caint agus Comhrá, chuile Dé Luain ag 11am sa gCopper Jug, Dé Céadaoin ag 11am in Insomnia (Tesco), oíche Déardaoin sa Temple Gate (8pm), agus Dé Sathairn i nGlór, 11am-12pm